- PREASRÁITEAS
Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach féilirí oibríochtúla táscacha do 2024
15 Meán Fómhair 2023
- Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach féilirí táscacha do ghnáthoibríochtaí tairisceana 2024 an Eurochórais agus do thréimhsí cothabhála cúltaca
- Déanann an Banc Ceannais Eorpach dátaí leithroinnte agus socraíochta d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin fadtéarmacha trí mhí a ailíniú le dátaí na bpríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin
- Leasaíonn an Banc Ceannais Eorpach dáta deiridh an ochtú tréimhse chothabhála in 2023
D’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) inniu na féilirí táscacha do ghnáthoibríochtaí tairisceana agus do thréimhsí cothabhála cúltaca an Eurochórais in 2024.
Cuimsítear san fhéilire táscach d’oibríochtaí tairisceana rialta an Eurochórais ailíniú na ndátaí fógartha, leithroinnte agus socraíochta d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin fadtéarmacha trí mhí (LTROnna) le dátaí comhfhreagracha na bpríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (MROnna). Tá ailíniú na ndátaí socraíochta dírithe ar thar-rolladh ó MROnna go LTROnna a éascú, agus a mhalairt. Tá an t-athrú éifeachtach ó thaobh LTRO a leithdháilfear an 30 Eanáir 2024. Dá bhrí sin, beidh dátaí aibíochta na LTROnna a bheidh le leithroinnt i mí Dheireadh Fómhair, i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2023 i gcomhthráth leis na dátaí socraíochta nua is infheidhme ó 2024. Níl san áireamh san fhéilire ach MROnna agus LTROnna trí mhí. Ní áirítear ann aon oibríochtaí forlíontacha nó ad hoc a fhéadfar a dhéanamh in 2024. Is féidir an féilire a íoslódáil ó shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Cuirtear san áireamh san fhéilire táscach do thréimhsí cothabhála cúltaca an Eurochórais an féilire do chruinnithe na Comhairle Rialaithe in 2024 agus an féilire le haghaidh oibríochtaí tairisceana rialta.
Tugtar thíos an t-amchlár táscach le haghaidh tréimhsí cothabhála cúltaca in 2024 (lena n-áirítear an t-ochtú tréimhse chothabhála in 2023):
TC | Cruinniú ábhartha na Comhairle Rialaithe | Tús na tréimhse cothabhála | Deireadh na tréimhse cothabhála | Sonraí bonn cúltaca le haghaidh institiúidí creidmheasa a thuairiscíonn go míosúil | Sonraí bonn cúltaca le haghaidh institiúidí creidmheasa a thuairiscíonn go ráithiúil | Fad na tréimhse cothabhála (laethanta) |
---|---|---|---|---|---|---|
14 Nollaig 2023 | 20 Nollaig 2023 | 30 Eanáir 2024 | Deireadh Fómhair 2023 | Meán Fómhair 2023 | 42 | |
1 | 25 Eanáir 2024 | 31 Eanáir 2024 | 12 Márta 2024 | Samhain 2023 | Meán Fómhair 2023 | 42 |
2 | 7 Márta 2024 | 13 Márta 2024 | 16 Aibreán 2024 | Eanáir 2024 | Nollaig 2023 | 35 |
3 | 11 Aibreán 2024 | 17 Aibreán 2024 | 11 Meitheamh 2024 | Feabhra 2024 | Nollaig 2023 | 56 |
4 | 6 Meitheamh 2024 | 12 Meitheamh 2024 | 23 Iúil 2024 | Aibreán 2024 | Márta 2024 | 42 |
5 | 18 Iúil 2024 | 24 Iúil 2024 | 17 Meán Fómhair 2024 | Bealtaine 2024 | Márta 2024 | 56 |
6 | 12 Meán Fómhair 2024 | 18 Meán Fómhair 2024 | 22 Deireadh Fómhair 2024 | Iúil 2024 | Meitheamh 2024 | 35 |
7 | 17 Deireadh Fómhair 2024 | 23 Deireadh Fómhair 2024 | 17 Nollaig 2024 | Lúnasa 2024 | Meitheamh 2024 | 56 |
8 | 12 Nollaig 2024 | 18 Nollaig 2024 | le deimhniú | Deireadh Fómhair 2024 | Meán Fómhair 2024 | le deimhniú |
Áirítear sa tábla freisin athrú ar an bhféilire táscach le haghaidh tréimhsí cothabhála cúltaca in 2023. Go sonrach, tá deireadh an ochtú tréimhse cothabhála in 2023 tugtha chun cinn seachtain amháin, ón 6 Feabhra 2024 go dtí an 30 Eanáir 2024. Níl aon athrú ar thús na tréimhse cothabhála ar an 20 Nollaig 2023. Léiríonn an coigeartú athrú ar an sceideal do chruinnithe na Comhairle Rialaithe in 2024.
Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig William Lelieveldt, teil.: +49 69 1344 7316.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- [email protected]
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa- 15 September 2023