Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An Ciste Eorpach um Chomhar Airgeadaíochta (1973-93)

Bunaíodh an Ciste Eorpach um Chomhar Airgeadaíochta (CECA) in 1973 chun comhar idir na Ballstáit a mhéadú agus iad ag obair i dtreo an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Bhí sé lonnaithe in Basel, agus chuir an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) tacaíocht riachtanach riaracháin agus theicniúil ar fáil.

Ba é príomhaidhm CECA cúngú forchéimnitheach na gcorrlach luaineachta idir airgeadraí éagsúla an Chomhphobail a chur chun cinn trí oibriú an “Nathair Airgeadra”. Rinne sé faireachán freisin ar idirghabhálacha i margaí malairte eachtraí in airgeadraí Comhphobail agus bhí sé freagrach as maoiniú gearrthéarmach agus socraíochtaí idir bainc cheannais a riar, as ar tháinig beartas comhbheartaithe maidir le cúlchistí.

Ó 1976 ar aghaidh, bhí CECA freagrach freisin as iasachtaí Comhphobail a riar chun tacú le comhardú íocaíochtaí Ballstát áirithe. Ó 1979, nuair a tugadh isteach an Córas Eorpach Airgeadaíochta agus an tAonad Airgeadra Eorpach (ECU), is é CECA a dhéanadh na cúraimí uile a bhain le cruthú, úsáid agus luach saothair ECUanna.

Seo a leanas na comhaltaí a bhí ar Bhord Gobharnóirí CECA: gobharnóirí na mbanc ceannais a bhí ar an gCoiste Gobharnóirí chomh maith le comhalta ón gCoimisiún Eorpach. I ndiaidh a chéad chruinnithe an 14 Bealtaine 1973, cheap an Bord an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) ina Ghníomhaire chun oibríochtaí CECA a chur i gcrích i gcomhréir leis na treoracha ábhartha.

Díscaoileadh CECA an 1 Eanáir 1994, nuair a ghlac an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (IEA) a róil ar láimh, agus lean an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) de bheith ag gníomhú mar Ghníomhaire ar feadh idirthréimhse go dtí an 15 Bealtaine 1995.

Tá thart ar 14 méadar líneacha de dhoiciméid théacsúla i gcnuasach aon fhoinse CECA. Áirítear leo sin treoracha, cinntí agus comhaid ó chruinnithe an Bhoird Gobharnóirí, tuarascálacha agus fógraí ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ina ról mar Ghníomhaire, agus doiciméadacht faoi bhunú an Chiste agus iasachtaí an Chomhphobail don Ghréig, don Iodáil agus don Fhrainc. Clúdaíonn na doiciméid den chuid is mó an tréimhse ó 1973 go 2002 (le roinnt cóipeanna de dhoiciméid ó 1953) agus is i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis atá siad den chuid is mó.

Brabhsáil an t-ábhar thíos chun teacht ar dhoiciméid atá ar fáil go digiteach.

CECA 1 Stádas agus eagrúchán
1953-1994(1973-1992, go háirithe)

CECA 1.1 Bunú agus comhdhéanamh

Cumhdaítear leis an bhfo-rannán seo an creat dlíthiúil agus eagraíochtúil a úsáideadh chun CECA a bhunú agus chun cabhrú leis oibriú. Cumhdaítear leis freisin teacht na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta (IEA) in ionad CECA. Áirítear ann na cinntí agus na treoracha a chomhaontaigh an Bord Gobharnóirí agus taifid na Meithle um Rialacháin Foirne CECA (1973 – 1976).

1966-2002(1979-1995, go háirithe)

CECA 1.2 Riarachán airgeadais agus idirbhearta

Áirítear san fho-rannán seo iasachtaí an Chomhphobail a tugadh don Fhrainc (1983), don Ghréig (1985, 1991) agus don Iodáil (1993), chomh maith le fógraí agus suirbhéanna míosúla ar idirbhearta malairte eachtraí agus óir, agus ar oibríochtaí eile.

CECA 2 Cruinnithe agus tuairimí gairmiúla
1973-1993

CECA 2.1 Cruinnithe an Bhoird Gobharnóirí agus ghrúpaí eile

Cumhdaítear leis an bhfo-rannán seo cláir oibre, miontuairiscí agus doiciméadacht ghaolmhar chruinnithe an Bhoird Gobharnóirí, a bhí ar siúl idir an 14 Bealtaine 1973 agus an 14 Nollaig 1993; agus chruinnithe na Meithle um Rialacháin Foirne, a bhí ar siúl idir an 21 Meán Fómhair 1973 agus an 30 Aibreán 1976.

1973-1995

CECA 2.2 Tuarascálacha ón nGníomhaire agus ó CECA

Cumhdaítear leis an bhfo-rannán seo tuarascálacha reachtúla a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí CECA, chomh maith le tuarascálacha arna n-ullmhú ag an nGníomhaire maidir le hoibríochtaí airgeadais i ndáil le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe CEE agus maidir le hoibríochtaí CECA.

An bhfuil suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoi CECA? Féach san fhardal cartlainnedéan teagmháil linn.

Gach leathanach sa rannóg seo